

Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla
Cad é?
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla nua i mí na Samhna. Tá an plean dhá bhliain seo (2025–2027) deartha chun cabhrú le curaclam na Gaeilge a mhúineadh agus chun múineadh na Gaeilge a dhéanamh níos tairbhí agus níos éifeachtaí, le béim láidir ar scileanna teanga labhartha na daltaí a fhorbairt.
Tugann an plean tús áite do:
- Dearcthaí dearfacha a chothú i leith na Gaeilge
- Deiseanna chun an Ghaeilge a labhairt agus a chloisteáil a mhéadú
- A chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge
- Tacaíochtaí comhtháite a sholáthar do mhúinteoirí agus do scoileanna.
Is cuid thábhachtach den phlean uaillmhianach seo a chinntiú go mbíonn níos mó deiseanna ag leanaí agus ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid le linn ceachtanna Gaeilge agus an Ghaeilge a bhlaiseadh mar theanga bheo lasmuigh den tseomra ranga.
Tacóidh an Plean Gnímh le scoileanna agus le múinteoirí aonair úsáid na Gaeilge a mhéadú ar fud na scoile. Díríonn gníomhartha eile ar thacú le húsáid na Gaeilge ag múinteoirí, tuismitheoirí agus leanaí agus daoine óga lasmuigh de shuíomh na scoile trí, mar shampla, tacú leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge agus rochtain a fháil ar acmhainní úsáideacha, amhail iad siúd a sholáthraíonn TG4 agus suíomhanna eile Gaeilge.


Cén fáth go bhfuil seo tábhachtach:
Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus cabhróidh an plean seo seomraí ranga a chruthú ina mbeidh daltaí muiníneach agus spreagtha chun an Ghaeilge a úsáid gach lá.
Cad a tharlóidh anois?:
Chun seo a chur i gcrích, tá acmhainní agus tacaíochtaí nua le teacht. Oibreoidh foirne tiomnaithe in Oide agus COGG go díreach le scoileanna, ag tosú sa bhliain nua.
Idir an dá linn, tugaimid cuireadh duit an plean gnímh a léamh anseo:
Tá tacaíochtaí ar fáil ó Oide chun tacú le scoileanna agus le múinteoirí chun feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge, chomh maith le chun eispéiris foghlama níos tarraingtí agus níos luachmhaire a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga. Tá físeán le cur síos ar roinnt de na tacaíochtaí sin ar fáil trí chliceáil anseo.
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad Gaeilge um Scoileanna Meán-Bhéarla ag AGSMB@education.gov.ie. Go raibh maith agat as do thacaíochti gcur chun cinn na Gaeilge i do scoil. Le chéile, is féidir linn difríocht mhór a dhéanamh.


Action Plan for Irish in English-Medium Schools
What is this Action Plan?
The Department of Education and Youth published a new Action Plan for Irish in English-Medium Schools in November. This two-year plan (2025–2027) is designed to help with teaching the Irish curriculum and to make the learning of Irish more rewarding and impactful, with a strong focus on developing pupils’ oral language skills.
The plan prioritises:
- Building positive attitudes towards Irish
- Increasing opportunities to speak and hear Irish
- Ensuring every child and young person can access Irish learning
- Providing integrated supports for teachers and schools
Ensuring that children and young people have more opportunities to use Irish during Irish lessons and experience Irish as a living language outside of the classroom is an important part of this ambitious plan.
The Action Plan will support schools and individual teachers to increase the use of Irish throughout the school. Other actions focus on supporting the use of Irish by teachers, parents and children and young people outside of the school setting through for example, supporting them to participate in Irish language activities and to access useful resources, such as those provided by TG4 and Irish language websites.


Why?
Irish is a living language, and this plan will help create classrooms where pupils feel confident and motivated to use it every day.
What happens next?
To make this happen, new resources and supports are on the way. Dedicated teams in Oide and COGG will work directly with schools, starting in the new year. In the meantime, we invite you to explore the action plan here. It’s full of practical ideas and strategies to bring Irish to life in schools.
Oide is providing supports for schools and teachers to improve the teaching, learning and use of Irish, as well as to provide more engaging and valuable learning experiences for children and young people. A video describing some of these supports is available by clicking here.
For further information, you can contact the Irish Language Unit for English-medium Schools at AGSMB@education.gov.ie. Thank you for your support in promoting Irish in your school. Together, we can make a real difference.

